Back to top

MÓR-ROINN ROINNTE A ATÓGÁIL

Tháinig tírdhreach polaitiúil nua chun cinn ó luaithreach an chogaidh, tírdhreach a bhí á dheighilt ag Cuirtín Iarainn. Cuireadh smaoineamh an lánpháirtithe Eorpaigh i bhfeidhm, ach an mbeadh borradh air?

Entrance to fourth floor

ATÓGÁIL NA HEORPA

1945 - tá an Eoraip cloíte, agus ceal bia, breosla agus tithíochta ar a pobal. Tá géarghá le straitéisí marthanais, agus leanann an chiondáil bia de dheasca cogaidh ar aghaidh chun freastal ar na riachtanais bhunúsacha ar a laghad. Is ann do na milliúin idir dhídeanaithe, dheoraithe agus daoine easáitithe, agus dídean á lorg acu uile. Tá an Eoraip ag brath, den chuid is mó, ar chúnamh ón saol mór amuigh.

AN COGADH FUAR

Nuair a thit buamaí adamhacha anuas ar an tSeapáin i 1945, fógraíodh na Stáit Aontaithe mar chumhacht nua dhomhanda.

I 1949, shroich an tAontas Sóivéadach an stádas céanna trína bhuama adamhach féin a fhorbairt.

SLÁNDÁIL SÓISIALTA A CHRUTHÚ

Thosaigh an saol ag dul i bhfeabhas go mór d’fhormhór na ndaoine ar fud na hEorpa sna 1950idí agus sna 1960idí. D’fhág fás eacnamaíoch agus tabhairt isteach an stáit leasa go raibh tithíocht níos fearr ann, mar aon le hoideachas, cúram sláinte agus seirbhísí sóisialta feabhsaithe.

In Iarthar na hEorpa, tharla pleanáil phoiblí ag an am céanna le hathchóiriú na hearnála príobháidí. Taobh istigh den réimse Cumannach, bhí geilleagair phleanáilte agus stát-eagraithe i gceannas ar na hacmhainní náisiúnta go léir agus chuiridís isteach nuair ba mhian leo ar shaol laethúil na saoránach. Níorbh fhéidir dul amú ar na difríochtaí a bhí idir geilleagair mhargaidh agus geilleagair stáit.

CLOCHA MÍLE LÁNPHÁIRTIÚ NA hEORPA I

Tháinig dhá théarma nua ar an saol le smacht an Aontais Shóivéadaigh ar Oirthear na hEorpa agus an leamhsháinn a bhí ar bun idir an tAontas Sóivéadach agus Stáit Aontaithe Mheiriceá tar éis an Dara Cogadh Domhanda – an Cuirtín Iarainn agus an Cogadh Fuar. Le tacaíocht ó Mheiriceá, bhíothas in ann comhoibriú níos fearr a dhéanamh in Iarthar na hEorpa.

CUIMHNE AR AN SHOAH

Tost, neamh-aitheantas, smachtúlacht; is mar sin a caitheadh leis an Uileloscadh, nó an Shoah, mar a thugtar air san Eabhrais, sa tréimhse i ndiaidh an chogaidh.

Chuir náisiúin, a rinne a seacht ndícheall a bhféinmhuinín a aimsiú an athuair, a gcuid ciontachta agus comhchiontaíola ar leataobh agus mhair siad leis na cuimhní a bhí acu den fhulaingt agus den chruatan.  Nuair a thit an Cogadh Fuar amach, bhí sé níos éasca neamhaird a dhéanamh den teip a tharla roimhe sin.

Sa lá atá inniu ann, áfach, tá an t-aitheantas a fhaigheann an choireacht thar cuimse sin in aghaidh na daonnachta i gcroílár na díospóireachta a dhéantar ar an gcuimhne Eorpach.