Osclóidh Áras Stair na hEorpa, atá suite i bPáirc Léopold sa Bhruiséil, a dhoirse do thaispeántas nua sealadach, ‘Stair an bhrionnaithe agus an fhalsaithe’ an 24 Deireadh Fómhair 2020. Trí Iniúchadh a dhéanamh ar dhomhan fíorspéisiúil an bhrionnaithe, na nithe bréige agus na mbréag, treorófar cuairteoirí trí scéal drámatúil ón seansaol go dtí an lá atá inniu ann.
Le taispeáint seiftiúil scáthán ag an mbealach isteach agus turas i gcathair ghríobháin tríd an taispeántas leagtar síos ton na cuairte láithreach: conas a dhéanaimid an fhírinne a aimsiú nó a sheachaint? Conas a imrímid le seachmaill? Iarrtar ar chuairteoirí machnamh a dhéanamh ar an gcaoi a gcuirtear bréaga in iúl agus cad chuige na bréaga sin. Mar a mhíníonn coimeádaí an taispeántais Joanna Urbanek :. Ní mór dúinn a bheith ar an eolas go dteastaíonn uainn uaireanta a bheith meallta, chun dul lasmuigh d’ár saol laethúil, a bheith ag brionglóideach. Is tréith dhaonna glacadh le nithe bréige áirithe, Ach is féidir teacht i dtír ar an gclaonadh sin agus bíonn iarmhairtí an-tromchúiseach aige.