PREASPHACÁISTE & TEAGMHÁIL
PREASPHACÁISTE
I gcás iarratais scannánaithe:
Conas is féidir liom cead a iarraidh chun scannánú laistigh den mhúsaem?
- Téigh i dteagmháil le foireann cumarsáide an mhúsaeim níos mó ná coicís roimh do dháta scannánaithe, chun dul tríd an bpróiseas riachtanach. Tabhair faoi deara nach gceadaítear scannánú ach i spásanna áirithe den mhúsaem, do ghairmithe sna meáin nó do ghairmithe oideachais amháin, nuair nach mbíonn sé ag teacht salach ar ghníomhaíochtaí eile an mhúsaeim, agus i gcomhréir leis na rialacha seo a leanas:
- Tabhair faoi deara nach féidir scannánú agus grianghrafadóireacht a dhéanamh ach amháin ar bhealach neamhfheiceálach, nach gcuireann bac ar chuairteoirí eile, ná nach dtaifeadann íomhánna dá n-aghaidh.
- Mar gheall ar chúinsí sonracha cóipchirt agus caomhantais, is fearr seatanna leathanuilleacha, seachas seatanna gar-amhairc ar réada aonair.
- Ní féidir grianghraf a thógáil de thart ar 15 réad sa bhuantaispeántas ná iad a scannánú – tá greamán ‘ná glactar grianghraf’ marcáilte orthu – cuirfear liosta díobh seo ar fáil roimh ré.
- Ba cheart foirm cheada scannánaithe a bhaineann le cóipcheart réad a chomhlánú roimh an scannánú. Is féidir í seo a fháil ó fhoireann cumarsáide an mhúsaeim.
- Tá cosc ar scannánú a dhéanamh ar na limistéir shlándála ag an mbealach isteach.
- Maidir le trealamh agus foirne: ná húsáid splanc-ghrianghrafadóireacht nó soilse seachtracha in áiteanna áirithe; ná ceangal le soláthair cumhachta.
- Is fearr nach dtugtar isteach ach íosmhéid trealaimh, agus níl trealamh breise ar fáil ar iasacht ón músaem.
- Ba cheart a bheith fíorchúramach agus trealamh scannánaithe á bhogadh, ionas nach ndéantar teagmháil le troscán an mhúsaeim, taispeántais ná réada, ná nach bhfágtar lorg ar an urlár.
- Níor cheart ach daoine bunriachtanacha a bheith i bhfoirne scannánaithe.
- Go hidéalach, ba cheart go mbeadh an fad an scannánaithe níos lú ná nócha nóiméad; sonraigh na láithreacha beachta atá uait roimh ré.