TIONSCNAIMH LE COMHPHÁIRTITHE
Is músaem do chách atá in Áras Stair na hEorpa, is cuma cá as iad: ón mBruiséil go Búdaipeist nó ó Gent go Gdańsk. Is cuid thábhachtach de ghníomhaíocht an mhúsaeim for-rochtain a sholáthar do dhaoine agus do phobail i gcian agus i gcóngar. Déanaimid é sin trí thionscadail shainiúla agus trí naisc ar líne a chruthú le himeachtaí agus le hinstitiúidí comhpháirtíochta ar fud na hEorpa, agus freisin trí obair fhor-rochtana spriocdhírithe le grúpaí éagsúla atá gar dúinn sa réigiún.