Cuimhní ar an Iarnróid

Sa bhliain 2021, déanaimid ceiliúradh ar Bhliain Eorpach na nIarnród. Déanfaidh clár EUROPALIA “Traenacha & Ráillí Iarnróid” plé ar thionchar na traenach ó thaobh gnéithe ealaíne agus sochaíocha de. Chun cur leis an gclár EUROPALIA Traenacha agus Ráillí Iarnróid, tá Áras Stair na hEorpa ag cruthú bailiúchán uile-Eorpach ar líne de scéalta pearsanta faoi thaisteal traenach mar eispéireas coiteann múnlaitheach Eorpach. Déanfaidh siad sin nasc agus comparáid idir eispéiris choiteanna ó cheann ceann na mór-roinne, aibhseoidh siad an iliomad gnéithe maidir le gluaiseacht, soghluaisteacht agus an ghné Eorpach sa díospóireacht ar ról stairiúil agus comhaimseartha na dtraenacha san Eoraip.
Sraith agallamh le baill foirne an mhúsaem
Aois na n-iarnród - conas a mhúnlaigh aireagán na dtraenacha sochaí na hEorpa - díospóireacht ar líne i mBéarla